arrow
Search icon

Fáilte chuig Scoil na Nuatheangacha agus na Teangeolaíochta Feidhmí

Is cuid de Dhámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta in Ollscoil Luimnigh í Scoil na Nuatheangacha agus na Teangeolaíochta Feidhmí (MLAL). Tugann an Scoil faoi theagasc agus taighde i réimse leathan ábhar a bhfuil sé mar aidhm choiteann acu raon teangacha, agus na cultúir lena mbaineann, a shealbhú, a anailísiú agus a léirmhíniú.

Tá na rannóga Fraincise, Gearmáinise, Seapáinise, Spáinnise, agus TESOL mar chuid den Scoil mar aon le trí ionad taighde dhinimiciúla: Lárionad na dTeangacha Feidhmeacha (CALS), Lárionad Léinn Gearmáinise na hÉireann, agus Lárionad Ralahine don Léann Útóipeach.

Bunaíodh Scoil na Nuatheangacha agus na Teangeolaíochta Feidhmí i mí Mheán Fómhair 2014 nuair a roinneadh ina codanna Scoil na dTeangacha, na Litríochta, an Chultúir agus na Cumarsáide in Ollscoil Luimnigh (ar ar tugadh Roinn na dTeangacha agus an Léinn Cultúir roimh 2009). Tá sé mar aidhm ag an Scoil cáil sheanbhunaithe na hOllscoile i leith feabhais teagaisc, foghlama agus taighde sna réimsí teangeolaíocha, litríochta agus cultúir a chur chun cinn.