Is mór an onóir dom a bheith ar an gcúigiú Uachtarán ar Ollscoil Luimnigh.
San achar gearr ó bunaíodh é, tá forbairt mhór tagtha ar OL agus inniu tá 13,000 mac léinn agus 1,300 comhalta foirne mar chuid de phobal an champais. Chun an fhorbairt seo a thabhairt chun críche, sháraigh an ollscoil dúshláin mhóra, lena n-áirítear réimse cuimsitheach céimeanna creidiúnaithe a fhorbairt agus lear mór cláir iomaíocha taighde a bhunú. Tá gníomhaíochtaí rannpháirtíochta forleathana cruthaithe agus cothaithe ag OL, trí na hionaid taighde náisiúnta atá forbartha aige, an clár Comharoideachais a bhfuil cáil mhór air agus na háiseanna ceannródaíocha taibhealaíon agus spóirt. Bhí an rannpháirtíocht seo ar cheann de thréithe cinniúnacha OL agus de thoradh sin tá cáil ar an ollscoil mar lárionad réigiúnach agus gach seans gurb í an institiúid is tábhachtaí í i gceantar an Mheán-Iarthair.
Tá oideachas tríú leibhéal ag athrú freisin, áfach, agus an comhthéacs teicneolaíoch, polaitiúil agus cultúrtha ina bhfeidhmíonn sé i mbun athraithe. Tá mic léinn níos minice meallta i dtreo ollscoileanna a bhfuil rangú ard ag baint leo. Tá éileamh níos mó ar oideachas iarchéime a bheith á sheachadadh ar bhealaí éagsúla. Lena chois sin, is céim ríthábhachtach in éabhlóid OL é líon níos mó mac léinn náisiúnta agus idirnáisiúnta a mhealladh, cinnte ar mhaithe le maoiniú, ach chomh maith leis sin chun ár gcláir léinn agus an t-eispéireas foghlama a shaibhriú.
D’fhonn na spriocanna seo a bhaint amach, is ar cháil acadúil OL a bheidh m’aird dírithe. Táim ag iarraidh go mbeidh eispéireas den scoth ag ár gcuid mac léinn in OL agus iad ag baint amach a gcuid uaillmhianta. Is mian liom leanúint ar aghaidh ag cur lenár bpobal iontach de lucht léinn agus de mhic léinn. Is mian liom cur lenár gcuid taighde trí infheistíocht leanúnach a dhéanamh i ndaoine, i dteicneolaíocht agus in áiseanna. Táim ag iarraidh ár gcaidreamh leis an alumni, lenár gcomhpháirtithe tionscail, lenár gcomhpháirtithe teagaisc agus leis an bpobal i gcoitinne a neartú. Táim ag iarraidh go mbeidh ár gcóras riaracháin níos éifeachtaí agus go mbeidh an caidreamh idir é agus an fhoireann acadúil á neartú. Táim ag iarraidh an eagraíocht ina hiomláine a dhíriú ar cháil acadúil OL.
Go raibh míle maith agaibh.
An Dr Des Fitzgerald